Rún oideachais

MHOL UACHTARÁN Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, don Aire Oideachais, Batt O’Keeffe, rún nua don athbhliain a dhéanamh…

MHOL UACHTARÁN Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, don Aire Oideachais, Batt O’Keeffe, rún nua don athbhliain a dhéanamh agus an treoir chonspóideach faoi thumoideachas a tharraingt siar.

Ba chóir don Aire an luath-thumadh iomlán sa Ghaeilge a aithint mar dhea-chleachtas, a dúirt Mac Fhearghusa.

Shocraigh an Rialtas sa bhliain 2007 go mbeadh dualgas reachtúil ar bhunscoileanna agus Ghaelscoileanna an Stáit uair go leith Béarla a theagasc ag leibhéal na naíonán sóisir ón dara téarma scoile. Tá lucht an ghaeloideachais ag cáineadh an chinnidh ó shin agus iad den tuairim go gcuirfeadh a leithéid de dhualgas cúl ar fhorbairt na Gaeilge. Dúirt Mac Fhearghusa, gur léirigh Trialacha Léitheoireachta Bunscoile an Rialtais sa Bhéarla agus sa Ghaeilge go raibh ag éirí go maith leis an tumoideachas agus gurbh é an modh ab fhearr é leis an dara teanga a mhúineadh do dhaltaí. Neartaigh an luath-thumoideachas cumas an dalta sa chéad teanga agus chuidigh sé leis an dalta an dara teanga a shealbhú go héifeachtach.

"Ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais ag spreagadh an luath-thumoideachais, ní ag iarraidh an bonn a bhaint den scothchleachtas seo atá in úsáid cheana féin san iliomad Gaelscoileanna, agus atá in úsáid anseo ó dheas ó bunaíodh an Stát," a dúirt sé.